Daltaí Ealaíne na hIdirbhliana

DALTAÍ NA hIDIRBHLIANA

Déan plean le haghaidh fíor-aistir le Scoil Ealaíne an Daingin!

Ullmhaigh don Aistriú Agus tú ag ullmhú don Ardteist agus gach a ngabhann léi, is fuirist dearmad a dhéanamh ar a ríthábhachtaí agus atá sé muintearas a chothú le do chomhscoláirí. Ba mhaith le Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis go gcruthódh sibh agus go gcuirfeadh sibh i gcrích rud éigin ábhairín éagsúil, is é sin, ceardlann Ealaíne a chothaíonn obair foirne. Is rud uathúil é seo a chuirimid ar fáil agus a fhagfaidh a lorg a mhaireann i bhfad.


A person painting a landscape on a canvas, surrounded by other paintings on easels. They hold a brush and wear colorful bracelets. A quote on a teal background reads, “We are here to create something that we are all proud to be a part of.”.

Ag spreagadh Daltaí Idirbhliana sa Daingean

Cuir rud an-speisialta ar fáil do do chuid Daltaí Idirbhliana ach iad a thabhairt chuig ceardlann ealaín a bhfuil sé mar aidhm aige obair foirne a chothú anseo ag Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis!

Táimid lonnaithe i gcroílár Dhaingean Uí Chúis, agus spreagann ár gceardlanna idirghníomhacha cruthaitheacht, comhoibriú agus féinléiriú i ndaoine. Spreagfaidh seisiúin phraiticiúla péinteála seo na daltaí chun éirí muinteartha lena gcomhscoláirí, scil réitigh fadhbanna a fhorbairt agus cuimhní a dhéanamh nach ndéanfaidh siad dearmad orthu go luath. Agus iad faoi stiúir saineolaithe, tugann ár gceardlanna meascán uathúil d’ealaín, d’obair foirne agus d’fhorbairt phearsanta. Bíonn siad ana-oiriúnach mar ghné sa bhreis le cur le haon chlár Idirbhliana.

Bíodh seantaithí ag do dhaltaí ar an ealaín nó ag tabhairt fúithi den chéad uair, beidh sárshaothar a gcuirfidh bród orthu déanta acu faoin am a bhfágfaidh siad sinn—agus beidh díocas chun oibre níos mó ná riamh orthu chomh maith.

Cuir ceardlann ealaíne do lucht na hIdirbhliana i nDaingean Uí Chúis in áirithe inniu!

A person paints a landscape on a canvas, depicting green hills and a blue sky. The canvas rests on an easel, and various paints and brushes are visible on the table. The person's hand holds a brush poised over the canvas.
A woman leans over to help another woman who is seated and working at an easel in an art class. Art supplies like paintbrushes and jars of paint are on the table. Both women are focused on the project.
Two people smiling and holding landscape paintings in a room with wood-paneled walls. An easel with more paintings and a chair are visible. A third person is partially seen on the right.

Neartaigh Féinspreagadh agus Cothaigh Muintearas le Ceardlann Ealaíne do Lucht na hIdirbhliana i nDaingean Uí Chúis

Seo an chaoi le sceitimíní a chur ar do dhaltaí idirbhliana faoi bheith ag obair le chéile. Ón tús leagann an comhrá bunsraith ríthábhachtach síos sa chaoi a dtugann sé léargas níos fearr ar a bhfuil ar intinn ag do chomhscoláirí ach cead cainte a thabhairt dóibh i múnlú próisis a bhfuil fiúntas ag baint leis anois ina súile. Coinnigh na rudaí fónta agus oibrigh le chéile chun an méid nach bhfuil ag obair a chur ina cheart. Ar deireadh thiar, ba mhaith linn próiseas a chur ar bun a mbraithfidh na daoine a chruthaíonn é gur leo é.

An older woman guides a young woman painting at an easel. The older woman is wearing a light vest and sunglasses atop her curly hair. The younger woman has long dark hair and appears focused. Another young woman paints in the background.

SCOIL EALAÍNE DHAINGEAN UÍ CHÚIS

Ag cur plean le chéile

– Fís faoin bplean a leagadh síos. (Cuireann sé seo gach duine ag féachaint sa treo céanna le gur féidir libh do shaigheada go léir a dhíriú ar an sprioc chéanna agus go mbeidh sibh cuntasach dá chéile).

– Struchtúr (Na gnéithe a mhíniú ach plé scaoilte a chur ar bun idir na rannpháirtithe. An pictiúr a phéinteálfar a roghnú as trí cinn fhéideartha ach vóta a chaitheamh ina leith

– Ábhar (Mínigh na Céimeanna a bhíonn ann i Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis)

– Plé agus Ceisteanna

– Tar éis duit sárshaothar a chruthú, é a bhreith leat chuig d’ionad oibre chun é a chur ar taispeáint ann le go bhfeicfeadh gach éinne é. Is meabhrú foirfe é ar cé chomh tábhachtach agus atá cumarsáid, comhoibriú agus obair foirne.

A scenic coastal view features a winding road next to rocky cliffs by a calm blue sea. Green hills and fields roll into the distance under a partly cloudy sky. Three cars are parked along the road.
DÉAN TEAGMHÁIL LINN

FAIGH SPREAGADH

Bí ar an eolas faoi ranganna nua, ealaíontóirí ar cuairt agus taispeántais nua!

CUIR IN ÁIRITHE