FÚINN

FOGHLAIM STRUCHTÚRTHA LE ANNE LUNDON

Is féidir go deimhin an phéinteáil a fhoghlaim lenár gcur chuige struchtúrtha.

Má tá fonn ort le fada an phéinteáil a fhoghlaim, seo é do sheans! Tabharfaidh Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis ar ghreim láimhe thú agus treoróidh sé thú chun pictiúr a chríochnú a mbeidh tú bródúil as agus déanfar ealaíontóir duit!

An elderly woman with curly hair, wearing a puffy white vest and green sweater, is painting on a canvas. A younger person beside her looks at the canvas. Shelves with books are visible in the background.

Is maith is cuimhin liom mar a tharla a leithéid chéanna domsa nuair a shiúil mé isteach sa Mhúsaem Ealaíne Náisiúnta agus ba ghearr go raibh mé faoi gheasa ag Jack B Yeats agus ag an léiriú a rinne sé ar Shligeach. Na blianta ina dhiaidh sin, bhíos ana-thógtha leis an Louvre agus leis na hImpriseanaithe. Ar aghaidh liom go Nice ansin, mar a bhfaca mé na pictiúir iontacha sin ó lámh Chagal. Bhaineadar an anáil díom agus, seal fhaiteadh na súl, d’fhiafraigh mé díom féin an raibh seans ar bith ann go bhféadfainn féin a bheith i m’ealaíontóir. Ach theipeadh ar mo mhisneach agus cé go rabhas tar éis freastal ar a lán ranganna ealaíne, níor taispeánadh na teicnící riamh dom. Ansin fuair m’iníon Edelle bás in 2014 agus ba trí ligean dom féin éirí gafa san ealaín a d’éirigh liom mo thoil a chur leis an tubaiste sin le himeacht aimsire. Ansin nuair a bhuaileadh taom bróin mé, dhírínn m’aird ar smaoineamh le haghaidh pictiúir a rith liom nó phiocainn suas scuab phéinteála le go bhfeicfinn cad a nochtfaí chugam - bí ag caint ar dhraíocht!

A black silhouette of the Beatles, from left to right: a figure playing a left-handed guitar, a drummer, another guitarist, and a bassist. Each is positioned in front of stylized black text "THE BEATLES" in bold, uppercase letters.
SAOTHAR NA SCOLÁIRÍ

Ullmhaigh do d’Aistear Ealaíne le Anne Lundon ag Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis!

Agus tú ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hullmhú don Ardteist, is fuirist a dhéanann duine dearmad cé chomh tábhachtach is atá muintearas agus an chruthaitheacht. Ag Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis, cuirimid ceardlann ealaíne uathúil ar fáil a chothaíonn obair foirne. Tugann sé daltaí le chéile ar shlí fóinteach spreagúil. Cothaíonn an cheardlann saincheaptha seo comhoibriú, an chruthaitheacht agus braistint de rud a bhaint amach agat i dteannta le daoine eile —rud go mbeidh tionchar aige ort i bhfad tar éis an halla scrúdaithe a fhágáil i do dhiaidh. Fág an strus i do dhiaidh agus isteach leat in áit ina dtagann ealaín agus obair foirne le chéile chun cuimhní dodhearmadta a dhéanamh.

Three women sit in a row, focused on painting landscapes at easels. The first woman, in the foreground, holds a paintbrush and a red thermos. The scene includes blue skies and a mountainous coastline depicted on their canvases.

 

NA SCÉALTA IS DÉANAÍ

Rudaí a Tharla le Déanaí

CEISTEANNA COITIANTA

Maidir lenár Seirbhísí agus Tairiscintí

Is cinnte gur féidir!

Tá ranganna ealaíne ann do dhaoine ar gach leibhéal cumais.

Dearadh na bunranganna go sonrach chun na teicnící bunúsacha agus na bunchoincheapa a mhúineadh

Is dhá chineál péinte a úsáideann ealaíontóirí go minic iad péint aicrileach agus olaphéint. Tá a saintréithe féin ag an ndá shaghas péinte agus oireann siad d’fheidhmeanna ealaíne difriúla. An difríocht is mó idir péint aicrileach agus olaphéint ná an saghas meáin ina gcuirtear an dath ar fuaidreamh. Cuirtear an dath ar fuaidreamh i meán uiscebhunach chun péint aicrileach a dhéanamh agus cuirtear an dath ar fuaidreamh in ola thriomaithe, amhail ola rois, chun olaphéint a dhéanamh. Difríocht eile idir an dá chineál péinte ná an méid ama sula dtriomaíonn siad.

Triomaíonn péint aicrileach i bhfad níos tapúla ná olaphéint agus ní bhíonn ach 20-30 nóiméad ag teastáil de ghnáth sula mbíonn sí tirim. Bíonn i bhfad níos mó ama ag teastáil chun olaphéint a thriomú, áfach. D’fhéadfadh sé triomú faoi cheann cúpla lá nó bíonn cúpla seachtain ag teastáil uaireanta. Braitheann an méid ama ar thiús na péinte agus cé chomh tais agus atá an áit ina bhfuil sí. Maidir lena láimhseáil agus le hí a chur ar chanbhás, bíonn sé níos fusa péinteáil le péint aicrileach ná le holaphéint. Is féidir í a thanú le huisce agus tá sé furaist í a ghlanadh suas mar ní bhíonn ach gallúnach agus uisce uait chuige sin. Maidir le holaphéint, áfach, beidh tuaslagach, amhail tuirpintín, uait chun an phéint a thanú agus a ghlanadh suas.

Is féidir níos mó botún a dhéanamh le péint aicrileach ná le holaphéint toisc go bhfuil sé somhúnlaithe agus gur féidir péinteáil anuas uirthi nuair atá sí triomaithe. Éiríonn olaphéint níos righne de réir mar a thriomaíonn sí, áfach, agus bíonn sé níos deacra aon cheartú nó athrú a dhéantar dá réir. Tríd is tríd, tá a saintréithe féin ag péint aicrileach agus ag olaphéint agus oireann siad d’fheidhmeanna ealaíne difriúla. Tá sé níos fusa péinteáil le péint aicrileach agus triomaíonn sí níos tapúla. Os a choinne sin, bíonn níos mó ama ag teastáil sula mbeidh olaphéint tirim ach is mó stríocadh agus teicníc scuaibe is féidir a úsáid léi.

Coastal landscape with rocky cliffs and a stone wall. The ocean is calm under a partly cloudy sky. Text on the left reads, "A picture is a poem without words - Horace.

GAILEARAÍ

Cuid de na Saothair Ealaíne a Dheineamar

CUIR IN ÁIRITHE