SCOIL EALAÍNE DHAINGEAN UÍ CHÚIS Ag Spreagadh Ealaíontóirí RUDAÍ LE DÉANAMH Bí ag péinteáil i gceann de na háiteanna is deise in Éirinn. RANGANNA
LE DÉANAMH

CUIR IN ÁIRITHE

A person wearing a black jacket and hat paints a scenic landscape inspired by Dingle Art, featuring trees, mountains, and a river on a canvas set on an easel indoors.

Ranganna Ealaíne ag an Deireadh Seachtaine

Scaoil amach an chruthaitheacht atá ionat ag na Ranganna Deireadh Seachtaine i Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis
€250

An older person with gray hair is painting on an easel outdoors. They are wearing a blue jacket and are seated on grass. In the background, there is a coastline with cliffs and green fields under a clear blue sky.
A woman with brown hair is painting on a canvas in a well-lit room. She is wearing a textured vest and a black long-sleeve shirt. A reference photo is clipped to the easel above her artwork.
A colorful painting shows a circle of individuals embracing each other. They are painted in bright, vivid colors forming a harmonious, circular pattern. A pink box with text at the lower-right reads: "Learn the joy of art and the peace of painting.
FÚINN

I gCiarraí a cuireadh tús leis ar fad

An aidhm atá againn i Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis ná an chruthaitheacht a mhúscailt ionat agus go mbraithfeá an sonas agus an suaimhneas a thugann an ealaín dúinn. Cuirimid timpeallacht dhearfach foghlama ar fáil duit i mbaile gleoite an Daingin, Co. Chiarraí, áit ina mbeidh tú ábalta bláthú faoi thionchar cumhachtach na healaíne.

Tá ranganna againn atá oiriúnach don tosaitheoir agus don té ar mhaith leis barr feabhais a chur ar a chuid scileanna. Tabharfaidh siad spreagadh agus suaimhneas duit agus forbróidh siad do bhuanna ealaíona féin.

 

FOGHLAIM CONAS PÉINTEÁIL

5 an Uimhir Dhraíochta

An fhealsúnacht atá againn i Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis ná gur cheart go mbainfeadh daoine taitneamh agus tairbhe as foghlaim conas péinteáil. Is í an teagascóir cáilithe, Anne Lundon, a bhunaigh an Scoil agus cloíonn sí le cúig bhunphrionsabal ina cur chuige – cabhraíonn siad seo leat muinín a chothú agus teicníc agus cruthaitheacht a fhorbairt.

Chuir an t-ealaíontóir clúiteach, Rod Moore, oiliúint ar Anne agus d’fhill sí abhaile ón bhFrainc chun an scoil seo a bhunú agus í meáite ar aoibhneas na healaíne a scaipeadh ar dhaoine eile. Tá cur chuige céimiúil, taitneamh in úsáid sa scoil a oireann don tosaitheoir chomh maith leis an duine atá ag iarradh barr feabhais a chur ar a chuid scileanna. Lonnaithe i mbaile gleoite an Daingin, gheobhaidh tú treoir, cruthaitheacht agus cleachtadh praiticiúil sna ranganna.

Bí linn agus bí ag péinteáil, ag cur aithne ar ealaíontóirí eile agus ag forbairt do ghuth cruthaitheach féin in atmaisféar a chothaíonn an fhoghlaim agus an spreagadh. Faigh amach conas mar a oibríonn an cúig chéim shimplí chun tú a chur ar bhóthar na cruthaitheachta fad do shaoil!

5 magic number anne lundon with students

Mar a deir ár bhfoghlaimeoirí!

AN PHÉINTEÁIL

Grúpaí agus Coimisiúin

Ranganna Ealaíne

Scaoil amach do chuid cruthaitheachta inár ranganna spraíúla, spreagúla!

NA RANGANNA

COIMISIÚIN

Is rud thar a bheith pearsanta é píosa ealaíne a choimisiúnú.

BREIS EOLAIS

An Idirbhliain / Daltaí

Múscail an chruthaitheacht agus an fhoghlaim – cuir ranganna ealaíne in áirithe anois don Idirbhliain agus do dhaltaí

RANGANNA DO DHALTAÍ
An elderly woman with curly hair, wearing a puffy white vest and green sweater, is painting on a canvas. A younger person beside her looks at the canvas. Shelves with books are visible in the background.
ANNE LUNDON

Ealaíontóir Paiseanta & Teagascóir Ealaíne Oilte

Is teagascóir cáilithe í Anne Lundon a bhunaigh Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis. Is ealaíontóir paiseanta í atá meáite ar aoibhneas na healaíne a scaipeadh ar dhaoine eile.

Chuir an t-ealaíontóir clúiteach, Rod Moore, oiliúint ar Anne agus baineann sí úsáid as teicnící ola, aicrileach, pastal agus peannluaidhe. Múineann sí gach leibhéal cumais ina cuid ranganna spreagúla sa Daingean i gCo. Chiarraí. Tá grá aici do thírdhreach na Éireann agus blianta fada taithí ghairmiúil aici. Is féidir ealaín a choimisiúnú uaithi – portráidí, radharcanna farraige, taobh tíre agus eile.

Glac páirt i rang le Anne nó déan coimisiúnú ar phíosa speisialta ealaíne uaithi agus bainfidh tú tairbhe as a cuid taithí agus a díograis.

A scenic coastal landscape featuring a white house on a cliff surrounded by green fields, overlooking the ocean. Text on the left reads "Paint the Extraordinary with us.
A small white house with a red roof sits atop rugged coastal cliffs near Dingle Art country, surrounded by green fields under a partly cloudy sky. Text above reads: "Paint the Extraordinary with us.
TABHAIR CUAIRT AR DHAINGEAN UÍ CHÚIS

Cuir aithne ar bhaile gleoite an Daingin, Co. Chiarraí

DÉAN TEAGMHÁIL LINN

FAIGH SPREAGADH

Bí ar an eolas faoi ranganna nua, ealaíontóirí ar cuairt agus taispeántais nua!

CUIR IN ÁIRITHE