Dé Sathairn 4 u. & Dé Domhnaigh 4 u.
Bunleibhéal/Meánleibhéal
Íosmhéid 6 / Uasmhéid 10
Daoine Fásta Amháin
RANGANNA
Ranganna Ealaíne ag an Deireadh Seachtaine
Ar siúl: An Mhuiríne
Ana-dheireadh seachtaine é seo chun taithí a fháil ar phéinteanna aicrileacha. Cé gur minic nach dtuigtear i gceart iad agus go mbíonn leisce ar dhaoine iad a úsáid dá bharr, oireann aicriligh throma go seoigh do thosaitheoirí atá ag tabhairt aghaidh ar phéinteáil den chéad uair.
Spreagfar tú ag an gcúrsa deireadh seachtaine seo chun do stíl féin a fhorbairt agus múinfear na teicnící duit a bheidh uait chun na rudaí is maith leat a phéinteáil.
Foghlaimeoidh tú conas bhrait phéinte a chur ina sraitheanna os cionn a chéile, conas dath a mheascadh, conas pictiúr a leagadh amach agus tabharfaidh Anne nodanna úsáideacha eile duit chomh maith.
Cad a Tharlaíonn ag na Cúrsaí Ealaíne
Is cuma cén leibhéal taithí, cumais ná muiníne atá agat, cabhróidh an cúrsa ealaíne deireadh seachtaine leat forbairt mar ealaíontóir. Foghlaimeoidh tú conas péint a chur ina sraitheanna os cionn a chéile, conas dath a mheascadh agus conas pictiúr a leagadh amach go maith.
Oibrímid linn i gcaitheamh na maidine, ag baint sásaimh as an tae, an caife agus na brioscaí a chuirtear fáil saor in aisce nuair a bhuaileann an fonn sinn. Leanaimid orainn go thart ar mheán lae.
Ar ais ag obair linn arís um thráthnóna go thart ar 4 i.n. agus deinimid an glanadh suas ansin sula bhfágaimid. Deinimid mórán mar an gcéanna ar an dara lá.
Seolfaidh Anne ríomhphost ina dhiaidh sin ina mbeidh na noda a tugadh sa rang agus tabharfaidh sí cuireadh duit bheith i do bhall de mhuintir DAS.
- Course runs from 11am to 1 and 2pm to 4pm
- Full tuition provided by artist Anne Lundon
- All materials are provided
- Tea/Coffee/Biscuits available throughout the session
- Weather dependent/ Indoor option available
Location
Dingle in the heart of the town with beautiful views of Dingle Bay.
Contemplation and well-being
Escape the hustle and bustle and enjoy mindfulness and relaxation.
Ranganna Ealaíne
Weekly scheduled classes guided by artist Anne Lundon.
Historic Architecture
An iconic historic building with stunning Harry Clarke Windows
Try Something New
Learn how to paint & gain confidence, you might surprise yourself!
Memories
Preserve your memories through art
Local Insights
Learn about the heritage and culture of the beautiful Dingle Peninsula
Accommodation can be arranged. Bring a partner who may like to go on walks.
All reservations are non refundable including no shows.
An Tairbhe a Bhainfidh Tú Ónár Ranganna
Teagasc Curtha In Oiriúint Duitse
Cinntíonn ranganna beaga agus teagascóirí ana-oilte go bhfaigheann mic léinn treoir duine le duine chun a gcuid scileanna a fhorbairt.
Suíomh Cois Cósta Spreagúil
Spreagadh don chruthaitheach le fáil ó radharcanna iontacha an Daingin agus ó phobal bríomhar ealaíne na háite.

ANNE LUNDON
Ealaíontóir Paiseanta & Teagascóir Ealaíne Oilte
Is teagascóir cáilithe í Anne Lundon a bhunaigh Scoil Ealaíne Dhaingean Uí Chúis. Is ealaíontóir paiseanta í atá meáite ar aoibhneas na healaíne a scaipeadh ar dhaoine eile.
Chuir an t-ealaíontóir clúiteach, Rod Moore, oiliúint ar Anne agus baineann sí úsáid as teicnící ola, aicrileach, pastal agus peannluaidhe. Múineann sí gach leibhéal cumais ina cuid ranganna spreagúla sa Daingean i gCo. Chiarraí. Tá grá aici do thírdhreach na Éireann agus blianta fada taithí ghairmiúil aici. Is féidir ealaín a choimisiúnú uaithi – portráidí, radharcanna farraige, taobh tíre agus eile.
Glac páirt i rang le Anne nó déan coimisiúnú ar phíosa speisialta ealaíne uaithi agus bainfidh tú tairbhe as a cuid taithí agus a díograis.
Teistiméireachtaí









